Friday 13 January 2012

Fáilte!

Fáilte chuig mo bhlog Gaeilge! Shocraigh mé é seo a dhéanamh don bliain nua agus tá fhios agam nach bhfuil mo chuid gaeilge foirfe, ach táim ag déanamh iarracht é a fheabhsú. B'fhéidir go tiocfaidh feabhas ar tar éis tamaill leis an blog seo!

Ní beidh ábhar amháin a phlé agam sa bhlog seo, beidh mé ag breathnú ar gach rud agus má tá suim agam i rud ar bith b'fhéidir go bhfeicfeadh sibh mo thuaraimí faoi ar an suíomh seo. Tá suim agam i neart rudaí; spóirt, leabhair, scannáin, teilifís, radio, cúrsai reatha agus gan dabht bia, fíon agus beoir! Tríd na seachtaine déanfaidh mé iarracht cur síos a dhéanamh faoi na habhair sin agus níos mó.

Thug mé an ainm 'Tá siad ag Teacht' don blog mar go raibh mé lán tógtha leis and fógra sin do Guinness, an ceann le na bádóirí agus an currach ag dul amach ag an oileáin leis an Guinness agus na daoine sa teach tabhairne ar an oileán ag feitheamh orthu! "The Island" and t-ainm a bhí ar. Nílim cinnte cé a bhí ann mar stiúrthóir (agus rinne mé iarracht fháil amach faoi ar an idirlíon) ach bhí sé déanta ag an comhlacht Arks i 1977. Is mór an trua nach bhfuil ach an ceann gearrtha ar fáil ar líne, tá ceann ar youtube ach níl ach 49soicindí ann, bhí nóiméad iomlán ar an ceann a tháinig amach ar dtús. Ar aon nós is rud deas é go bhfuil aon chuid dhó ar fáil. Fuair an fógra seo roinnt duaiseanna agus bhí sé ainmnithe mar cuid de na fógraí is fearr a bhí déanta sa tír seo.



Bhuel sin a méid is dóigh liom do mo chéad blog post! Má tá suim agaibh, táim ar fáil ar twitter ag @lynchiesoup

Táim dóchasach go mbainfidh sibh taitneamh as an blog, go dtí mo chéad 'scribble' eile,
Slán tamaill